Treoir úsáideora Terminologue

Clúdaítear sa leathanach seo treoir céim ar chéim de na gnéithe is tábhachtaí de chuid Terminologue. Chun úsáid a bhaint as Terminologue, téigh chuig an leathanach baile agus déan cuntas a oscailt. Agus cuntas agat, is féidir leat logáil isteach ag baint úsáid as do sheoladh ríomhphoist agus pasfhocal. Agus tú logáilte isteach, feicfidh tú rannán ar an leathanach baile dar teideal Do chuid cnuasach. I dtosach báire, bíonn an rannán seo folamh ach tá nasc ann chun bunachar téarmaíochta nua a chruthú.

Your personal Terminologue homepage after you have logged in.

Is féidir an oiread bunachar agus is mian leat a chruthú agus ar ndóigh, is féidir iad a scriosadh ar ball. Agus bunachar téarmaíochta nua á chruthú agat, iarrfaidh Terminologue ort cén URL a theastaíonn uait dó. Tá URL ar leith ag gach bunachar in Terminologue, amhail www.terminologue.org/mytermbase. Má chinneann tú do bhunachar a chur ar fáil go poiblí, is ag an URL sin a chuirfear ar fáil é.

Creating a new termbase in Terminologue.

Más beag taithí atá agat ar Terminologue, moltar duit teimpléad a roghnú ón liosta anuas, mar shampla, Bunachar Téarmaíochta Dátheangach Simplí. Beidh do bhunachar réamhchumraithe le socruithe áirithe (féadfar iad a athrú tráth ar bith ar ball), chomh maith le cúpla iontráil shamplach (rud is féidir a scriosadh).

Agus do bhunachar téarmaíochta cruthaithe agat, is féidir leat dul chuig a leathanach baile agus dul uaidh sin chuig an gcomhéadan eagarthóireachta. Is é seo an áit ar féidir leat iontrálacha téarmaíochta a chruthú agus a chur in eagar. Tá liosta iontrálacha ar thaobh na láimhe clé. Is féidir leat na hiontrálacha samplacha a scriosadh má theastaíonn sin uait agus is féidir leat an oiread iontrálacha nua agus is mian leat a chruthú. Níl uasteorainn le líon na n-iontrálacha is féidir a choinneáil i do bhunachar. Chun iontráil a oscailt, cliceáil uirthi agus léireofar í sa spás ar thaobh na láimhe deise.

Terminologue’s editing interface, showing the list of entries on the left and one entry open on the right.

Is éard atá le feiceáil anseo ná rindreáil fhormáidithe den iontráil. Beidh cuma den chineál seo ar an iontráil má chinneann tú do bhunachar a chur ar fáil go poiblí. Chun an iontráil a chur in eagar, cliceáil ar an gcnaipe Athraigh ar barr. Osclóidh Terminologue an iontráil lena cur in eagar.

An entry open for editing.

Is ionann gach iontráil in Terminologue agus coincheap, agus cuimsítear i ngach coincheap míreanna éagsúla ar nós téarmaí, sainmhínithe, lipéid réimse agus mar sin de. Ligeann na táib ag barr an leathanaigh duit na nithe seo a athrú: is féidir leat téarmaí na hiontrála a athrú faoin táb TRM, a sainmhínithe a athrú faoin táb SAIN, íomhánna a chur leis faoin táb ÍOMH agus mar sin de. Chun téarma nua a chur leis an iontráil mar shampla, cliceáil ar an gcomhartha ‘+’ faoin táb TRM agus déan foclaíocht an téarma a ionchur. Nuair atá an téarma cláraithe sa bhunachar, is féidir breis faisnéise a chur leis, amhail lipéad roinne cainte, nóta tráchta nó foirm(eacha) infhillte. Agus an eagarthóireacht ar an iontráil curtha i gcrích agat, ná dearmad cliceáil ar an gcnaipe Sábháil ar barr (nó bain úsáid as an aicearra méarchláir Ctrl + Shift + S).

Is éard atá i gceist le heagarthóireacht a dhéanamh ar iontráil ná téacs a ionchur i mboscaí agus luachanna a roghnú ó liostaí. Is ionann an-chuid de liostaí na luachanna, amhail lipéid roinne cainte, lipéid réimse agus mar sin de, agus meiteashonraí an bhunachair téarmaíochta. Is féidir na meiteashonraí a chumrú astu féin le haghaidh gach bunachair sa rannán Eagarthóireacht nó sa rannán Riarachán. Más ó theimpléad a chruthaigh tú do bhunachar téarmaíochta, beidh roinnt meiteashonraí réamhchumraithe anseo duit cheana.

Configuring metadata lists from the editing interface.

The Administration section where you can configure various lists for your termbase, such as part-of-speech labels (shown here).

Féadtar airíonna eile de chuid do bhunachair a chumrú sa rannán Cumrú. Ceann de na nithe tábhachtacha a bhfuil smacht agat orthu ná rochtain ar an mbunachar agus cé na daoine ar féidir leo athruithe a chur i bhfeidhm ann, chomh maith leat féin. Gheobhaidh tú seo faoi Úsáideoirí. Feicfidh tú do sheoladh ríomhphoist féin liostaithe ansin. Ciallaíonn sé seo go bhfuil rochtain agat ar an mbunachar téarmaíochta seo. Féadfaidh tú úsáideoirí eile a chur leis an mbunachar anseo agus a gcuid rochtana a chumrú (mar shampla: féadfaidh úsáideoirí áirithe eagarthóireacht a dhéanamh ar iontrálacha agus ní féidir le húsáideoirí eile, féadfaidh úsáideoirí áirithe eagarthóireacht a dhéanamh ar iontrálacha amháin ach ní fhéadfaidh siad iad a scriosadh ná a chruthú, ní fhéadfaidh roinnt úsáideoirí eagarthóireacht a dhéanamh ar mheiteashonraí agus mar sin de). Beidh rochtain ag aon úsáideoir ar an liosta seo ar do bhunachar téarmaíochta más rud é go bhfuil cuntas Terminologue acu. An chéad uair eile a logálfaidh siad isteach, feicfidh siad an bunachar téarmaíochta liostaithe faoi Do chuid cnuasach ar leathanach baile Terminologue.

Configuring who can access your termbase.

Ní hamháin gur uirlis í Terminologue chun eagarthóireacht a dhéanamh ar bhunachair théarmaíochta ach is uirlis í chun bunachair théarmaíochta a sholáthar go poiblí ar líne chomh maith. Chun bunachar téarmaíochta a chur ar fáil go poiblí, téigh go dtí Foilsigh sa rannán Cumrú agus déan an socrú a athrú ó Príobháideach go Poiblí. Féadfaidh tú an bunachar a athrú ar ais go príobháideach tráth ar bith. Fiú, féadfaidh tú a roghnú cé na hiontrálacha a fheicfear go poiblí agus cé na cinn nach bhfeicfear: is féidir aon iontráil a lipéadú mar i bhfolach sa chomhéadan úsáideora, agus dá bharr sin, ní bheidh sí le feiceáil go poiblí, fiú más rud é go bhfuil an bunachar téarmaíochta trí chéile le feiceáil go poiblí.

Making a termbase publicly viewable.

A luaithe agus atá do bhunachar téarmaíochta curtha ar fáil go poiblí agat, léireoidh an leathanach baile (e.g. www.terminologue.org/mytermbase) bosca téacs a ligeann do dhaoine cuardach a dhéanamh i do bhunachar téarmaíochta. Tá léiriú poiblí an bhunachair optamaithe le bheith inaimsithe d’innill chuardaigh mhóra cosúil le Google agus Bing. Tá na leathanaigh ghréasáin atá le feiceáil go poiblí oiriúnach do scáileáin de gach cineál toise, idir ríomhairí deisce móra agus ghléasanna móibíleacha beaga.

The homepage of a publicly viewable termbase.

Anois agus muid ar an eolas faoi conas Terminologue a úsáid chun bunachar téarmaíochta a chruthú, a chur in eagar agus a fhoilsiú, díreoimid ar roinnt de na gnéithe is suimiúla de chuid Terminologue.

Cuardach agus aimsiú

Mar atá feicthe againn, tá an scáileán eagarthóireachta roinnte ina dhá leath, le liosta iontrálacha ar thaobh na láimhe clé agus spás chun eagarthóireacht a dhéanamh ar iontráil ar thaobh na láimhe deise. Ligeann an bosca cuardaigh ag barr an leathanaigh duit cuardach a dhéanamh sa bhunachar téarmaíochta.

Ligeann liosta anuas faoin mbosca cuardaigh duit an mód cuardaigh a roghnú. Is iad na roghanna de chuid an mhóid cuardaigh ná téarma iomlán, tús téarma, deireadh téarma agus cúpla ceann eile. Déanann na móid seo meaitseáil shimplí, carachtar ar charachtar, ach is é an réamhshocrú atá sa liosta anuas ná cuardach cliste, rud a chuireann cuardach atá cliste ó thaobh na teangeolaíochta de i bhfeidhm. Bíonn an liosta iontrálacha a fhaigheann tú sa chuardach cliste ordaithe sa dóigh is go mbíonn na hiontrálacha a mheaitseálann téacs do chuardaigh, a bheag nó a mhór nó go cruinn, le fáil ar bharr an leathanaigh iontrálacha ilfhoclacha a bhfuil an téacs cuardaithe mar fhocal iontu ina dhiaidh sin. Tá an mheaitseáil seo feasach ar infhillteacha. Tá rochtain ag Terminologue ar bhunachar mór foirmeacha infhillte in iliomad teangacha éagsúla. Mar gheall air seo, dá ndéanfaí cuardach ar an bhfocal ‘gléas’, d’aimseofaí téarmaí ina bhfuil ‘gléasanna’, ‘gléis’, ‘gléasta’ agus mar sin de mar chodanna díobh. Gné eile den cuardach cliste ná go ndéanann sé litriú na bhfocal a cheartú más gá agus go soláthraíonn sé moltaí litrithe ar thaobh na láimhe deise den bhosca téacs.

Smart search in action.

Ní hé gurb é an cuardach an t-aon bhealach le breathnú thart sa bhunachar. Tugtar an rogha duit scagadh ilghnéitheach a dhéanamh agus tú ag cuardach ionas gur féidir leat liosta na n-iontrálacha a scagadh de réir critéir éagsúla ar nós réimsí, stádas eagarthóireachta agus tuilleadh.

Filtering entries by domain in Terminologue’s faceted filtering feature.

Noda gramadaí inlíne

Ní ionadh é gur féidir leat lipéid roinne cainte agus lipéid ghramadaí eile a chur le téarmaí in Terminologue. Ach ceann de na gnéithe is speisialta atá ag Terminologue ná go ligeann sé duit lipéid ghramadaí a chur le focail aonair i dtéarmaí ilfhoclacha. Agus lipéad gramadaí á cheangal agat le téarma, bíonn sé de rogha agat an fotheaghrán a mbaineann an nod leis a chur in iúl do Terminologue. Agus an téarma á léiriú ag Terminologue ar an scáileán i rindreáil fhormáidithe na hiontrála, cuirfidh Terminologue an lipéad leis an téarma san áit chuí. Is féidir leis an úsáideoir an luchóg a ailíniú ar an lipéad agus aibhseoidh Terminologue an fotheaghrán lena mbaineann sé.

Highlighting tells the user which part of the multi-word term the label applies to.

Ag comhroinnt téarmaí

Gné nuálach agus neamhghnách eile de chuid Terminologue ná gur féidir téarma a roinnt leis an iliomad iontrálacha. Nuair a roinntear téarma, cuireann Terminologue é seo in iúl don úsáideoir trí íocón a chur in aice leis an téarma. Is féidir leat cliceáil ar an íocón chun féachaint ar cé na hiontrálacha eile a roinneann an téarma seo. Níos tábhachtaí fós, cuireann an t-íocón ar do shúile duit má dhéanann tú aon athrú ar an téarma go gcuirfear na hathruithe céanna i bhfeidhm go huathoibríoch ar na hiontrálacha eile chomh maith.

This entry contains two terms, one of which is shared with one other entry.

Is é is cúis le téarmaí a roinnt ná am eagarthóirí daonna a shábháil agus leanúnachas a chinntiú. Dá bhrí sin, nuair atá téarma nua á chur leis an iontráil, déarfaidh Terminologue leat má tá téarma den chineál sin ar fáil in áit eile agus tabharfaidh sé an rogha duit nascadh leis an téarma sin in ionad dúbailt a chruthú. Is gné áisiúil í comhroinnt téarmaí más rud é go bhfuil go leor noda gramadaí agus foirmeacha infhillte ag téarmaí do bhunachair.

Stádas iontrála

Tá lipéad stádais ag gach iontráil in Terminologue atá ‘seiceáilte’ nó ‘neamhsheiceáilte’. Nuair a chruthaítear iontráil den chéad uair, bíonn sé ‘neamhsheiceáilte’ agus ní féidir ach le húsáideoirí a bhfuil pribhléidí riarthóra (féach thíos) acu an stádas a athrú go ‘seiceáilte’. Chomh maith leis sin, nuair a dhéantar athruithe ar iontráil sa bhunachar, amhail litriú an téarma a athrú nó sainmhíniú a chur isteach, athrófar stádas an téarma sin go díreach go ‘neamhsheiceáilte’. Is féidir na cineálacha leasuithe a spreagann an t-athrú seo a chumrú ceann ar cheann do gach bunachar téarmaíochta (faoi Cumrú → Athruithe uathoibríocha).

Is féidir le húsáideoirí a bhfuil pribhléidí riarthóra acu úsáid a bhaint as cuardach ilghnéitheach Terminologue chun liosta na n-iontrálacha neamhsheiceáilte a fháil agus iad ag athbhreithniú go tréimhsiúil. An sprioc atá leis an ngné seo ná cabhrú le rialú cáilíochta i mbunachair mhóra a n-oibríonn líon mór daoine iontu.

Pribhléidí úsáideora

Sanntar ceann amháin de chúig leibhéal rochtana do gach úsáideoir, rud a chinneann cé na gníomhartha is féidir leis an úsáideoir a dhéanamh sa bhunachar téarmaíochta. Is féidir leibhéal a shannadh d’úsáideoir faoi Cumrú ➝ Úsáideoirí. Is iad na leibhéil ná:

  1. ‘Léitheoir’: rochtain inléite amháin, is féidir leo breathnú ar iontrálacha ach ní féidir leo athruithe a dhéanamh.
  2. ‘Eagarthóir’: is féidir leo iontrálacha a athrú ach ní féidir leo iontráil a scriosadh ná iontráil a chruthú.
  3. ‘Cruthaitheoir’: cosúil le hEagarthóirí ach is féidir leo iontrálacha a chruthú agus a scriosadh.
  4. ‘Riarthóir’: cosúil le Cruthaitheoirí ach is féidir leo eagarthóireacht a dhéanamh ar mheiteashonraí (liosta na réimsí s.rl.), is féidir leo stádas na n-iontrálacha a athrú agus eislíonta a chruthú (féach thíos).
  5. ‘Cumraitheoir’: cosúil le Riarthóirí ach is féidir leo athruithe a dhéanamh ar chumrú an bhunachair, lena n-áirítear oibríochtaí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh cosúil leis an mbunachar féin a scriosadh.

Taifead staire

Coinníonn Terminologue taifead ar na hiontrálacha go léir agus na hathruithe a dhéantar orthu agus is féidir breathnú ar stair na n-athruithe sin sa chomhéadan eagarthóireachta. Taispeánann an taifead cé a shábháil agus cathain a sábháladh gach leagan den iontráil chomh maith leis na hathruithe a rinneadh uirthi. Ón loga seo, is féidir athruithe a chur ar ceal agus filleadh ar iarleaganacha trí chliceáil ar an nasc Tabhair ar ais a thaispeántar nuair a chuirtear an luchóg thairis. Is féidir scriosadh iontrála a chealú chomh maith.

The history of an entry is displayed in Terminologue as a timeline.

Nótaí eolais agus nótaí tráchta

Is féidir nótaí a chur le hiontrálacha in Terminologue. Déantar sin faoin táb NÓT. Tá trí leibhéal rochtana ag cineálacha Notaí eolais, ar féidir iad a chumrú anseo sa rannán Eagarthóireacht nó sa rannán Riarachán:

  1. nóta príobháideach nach léirítear ar eislíonta
  2. nóta príobháideach a léirítear ar eislíonta
  3. nóta poiblí

Chomh maith leis sin, is féidir iontrálacha in Terminologue a anótáil le nótaí tráchta réamhdhéanta agus nótaí tráchta. Ní bheidh na nótaí seo ar fáil go poiblí choíche agus is chun críocha inmheánacha amháin atá siad. Is í an difríocht idir na nótaí tráchta réamhdhéanta agus na nótaí tráchta ná go bhfuil liosta seasta de nótaí tráchta réamhdhéanta ar féidir le húsáideoir iad a roghnú ó liosta anuas (is féidir sin a chumrú anseo sa rannán Eagarthóireacht nó sa rannán Riarachán) ach is féidir téacs ar bith a bheith i nótaí tráchta. Is féidir nótaí tráchta agus nótaí tráchta réamhdhéanta a phéireáil ionas gur féidir leis na nótaí réamhdhéanta lipéad a thabhairt do na nótaí tráchta (rud a chuireann in iúl cén saghas nóta tráchta é).

An entry with a few tags and notes.

Easpórtáil

Is féidir liostaí téarmaí a easpórtáil sa rannán Eagarthóireacht. Téigh go dtí deireadh an cholúin téarmaí agus roghnaigh líon na dtéarmaí agus an fhormáid atá uait. Tá formáidí TXT nó TBX ar fáil. Is féidir an cnuasach téarmaí ar fad a easpórtáil chomh maith i bhformáid TBX sa rannán Cumrú agus easpórtáil TBX a chliceáil.

Exporting to TBX or TXT from the editing interface.

Eislíonta

Is éard is eislíon ann ná rannóg ar leith ar shuíomh gréasáin Terminologue ina gcuirtear fochuid de bhunachar ar fáil do ghrúpa iata úsáideoirí seachtracha atá ábalta nótaí tráchta a fhágáil. Is féidir le húsáideoirí an bhunachair téarmaíochta a bhfuil pribhléidí riarthóra acu eislíonta nua a chruthú, cinneadh a dhéanamh faoi na hiontrálacha a chuirfear ar eislíon agus cinneadh a dhéanamh maidir le cé na húsáideoirí a mbeidh rochtain acu air. Bíonn úsáideoirí eislín go hiomlán neamhspleách ar úsáideoirí eile an bhunachair. Is gá dóibh cuntas Terminologue a bheith acu ach seachas sin, níl rochtain acu ar an mbunachar téarmaíochta féin toisc nach bhfuil sé sin ag teastáil. Bíonn na nótaí tráchta a fhágann úsáideoirí eislín le feiceáil sa chomhéadan eagarthóireachta d’eagarthóirí an bhunachair agus cinntí á nglacadh acu.

An extranet in Terminologue.

Conclúid

Tá deireadh na treorach buailte linn. Tá roinnt gnéithe eile ag Terminologue nár chlúdaíomar anseo ach is cinnte go dtiocfaidh tú orthu agus tú ag baint úsáid as. Ach, níos tábhachtaí ná aon ní eile, cruthaigh bunachair iontacha!