"Ná cuirtear ‘an mhinc Eorpach’ orm! Is mise ‘an nórca’…
Fear de fhinte dúchais na hEorpach atá i mbaol a dhul in éag.
Déanaimis neamh-aird ar an Bhéarla nuair a bhímid ag iarraidh ainm Gaelach a chur ar Mustela lutreola. Déanaimis mar a dhéanann teangacha eile san Eoraip, .i. bíodh ainm dá chuid féin ar an ainmhí seo. Ná cuirimis ‘minc‘ air a thuilleadh.
Cé gur macasamhail an mhinc Mheiriceánach é, níl an ‘American mink’ congárach leis an ‘European mink‘ i dteaghmach na n-easóg. Agus de dheasca an droch-chlú atá ar an mhinc Mheiriceanach in Éirinn agus go mór sa Bhreatain, táthar ann inniu gur cuma leo fán seachrán ina bhfuil an nórca: tá Mustela lutreola i mbaol a dhul in éag ón domhan! Tá an mhinc Mheiriceánach ag déanamh scrios ar an nórca ar Mhór-Roinn na hEorpa; agus tá an baol ann go rachaidh sé in éag ar fad ón domhan!
Mar gheall ar an droch-ainm sin atá curtha ar an ‘European mink’ mar gheall ar an droch-chlú atá ar a ‘mhacasamhail’."
[Foinse: https://andulradoirgaelach.wordpress.com/2018/01/04/na-cuirtear-an-mhinc-eorpach-orm-is-mise-an-norca/#more-330; feicthe: 16.09.2025]