Corraí is ainm dos na gearrcaigh a bhíonn age sna gainnéid agus an uair a bhíd siad aibidh is saill iad go léir agus is ar an gcloich is lugha aca san a bheireann na gainnéid ar fad agus níl aon radharc ach a mbíonn de sna h-éin óga ann. Bhíodh bád agus dáréag fear innte ag faire na cloiche, í amuich ó’n maighistir talmhan agus iad díolta go maith. (XVII - AN OBAIR AGUS AN SEACHRÁN)